Le Jarosław Pietras
Déanann an Dr Jarosław Pietras, iar-Leas-Phríomh-Idirbheartaí le haghaidh aontachas na Polainne leis an Aontas, machnamh ar thionchar an mhéadaithe a tharla 20 bliain ó shin agus ar na tairbhí eacnamaíocha, agus ar na tairbhí nach iad, a rinne sé ní hamháin don Pholainn agus do thíortha nach í a tháinig isteach san Aontas Eorpach ach don Aontas ina iomláine freisin. An cinneadh a rinneadh an tAontas Eorpach a mhéadú in 2004, b'fhianaise é ar a thiomanta atá an tAontas don aontacht, don éagsúlacht agus don dlúthpháirtíocht. Sa lá atá inniu ann, tá ceachtanna luachmhara fós le foghlaim uaidh le haghaidh na caibidlíochta réamhaontachais a bheidh ar siúl sna blianta atá amach romhainn.
Tar éis 20 bliain, is ríléir gur ‘méadú ollmhór’ ar an Aontas Eorpach a bhí ann nuair a ligeadh isteach don Aontas formhór thíortha Lár na hEorpa, mar aon le Málta agus an Chipir, sin agus cloch mhíle stairiúil don Aontas ina iomláine. Ba chéadach an tionchar a bhí aige, go háirithe ar staid eacnamaíoch na mBallstát nua.
Chuir méadú an Aontais go mór leis an gcaighdeán maireachtála i dtíortha Lár na hEorpa. Tháinig méadú suntasach ar OTI per capita na n-ocht dtír i Lár na hEorpa a ndearnadh Ballstáit díobh – Poblacht na Seice, an Eastóin, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin, an Pholainn, an tSlóvaic agus an tSlóivéin – i dteannta a chéile, agus ba mhéadú é sin nach bhféadfaidís a bhaint amach dá bhfanfaidís lasmuigh den Aontas. Is do mheánleibhéil na dtairbhí nithiúla a eascraíonn as an gcomhtháthú a thagraíonn an staidreamh sa réimse sin i gcónaí. Cé gur fíor nár dáileadh na gnóthachain go cothrom ó Bhallstát go chéile agus gur mó d’fheabhas a tháinig ar chuid acu ná a chéile, is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil feabhsuithe suntasacha le sonrú i ngach tír, mar sin féin. Cuir i gcás, sheas an Liotuáin agus an Pholainn amach ós amhlaidh ba iad ba mhó a bhain tairbhe go dtí seo as a mballraíocht san Aontas; os a choinne sin, is lú an dul chun cinn atá déanta ag an Eastóin agus ag an tSlóivéin i ngeall ar dhúshláin éagsúla, go háirithe tionchar ghéarchéim airgeadais 2008.
Nuair a rinneadh Ballstáit den Pholainn agus dá macasamhlacha i Lár na hEorpa, réitigh sin an bóthar do ré nua rathúnais eacnamaíoch sna tíortha sin. Thar aon tír eile, seasann an Pholainn amach go mór ós amhlaidh a d’éirigh thar barr léi i réimse na forbartha iar-aontachais. Tháinig fás eacnamaíoch faoin tír, fás nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, sin agus dúbailt ar a OTI idir 2004 agus 2022. Ar an gcaoi chéanna, tháinig fás suntasach ar OTI per capita na mBallstát eile sa réigiún, siúd is gur ar rátaí éagsúla ó thír go chéile a tharla sin. Léirigh an tSlóvaic agus an Liotuáin, mar shampla, go raibh dul chun cinn inmholta déanta acu, rud a chiorraigh arís eile ar an mbearna forbartha le hIarthar na hEorpa a bhí eatarthu. Tugann na sonraí staidrimh ón tréimhse sin léargas dúinn ar an athléimneacht agus an dinimiceas, ós rud é gur bhain na tíortha sin leas as a mballraíocht san Aontas chun an fás eacnamaíoch a bhrú chun cinn agus chun feabhas a chur ar a n-iomaíochas domhanda. Cuireann an t-éacht suntasach seo chun suntais a mhéad a rinne a lánpháirtiú san Aontas Eorpach claochlú ar gheilleagair na mBallstát nua go léir. Agus tharla sin in ainneoin dhrochthionchar na géarchéime airgeadais: is amhlaidh a bhain Ballstáit nua an Aontais rátaí fáis ní b’airde amach le linn na géarchéime ná mar a bhíothas ag súil leis.
Bhí a cuid dúshlán féin le sárú le linn na tréimhse tar éis mhéadú an Aontais in 2004. Mar shampla, is mór mar a chuir géarchéim dhomhanda airgeadais 2008 isteach ar gheilleagar na hEorpa agus chuir sí féachaint chrua ar athléimneacht na mBallstát seanbhunaithe agus na mBallstát nua. D’ainneoin éifeachtaí díobhálacha na géarchéime, léirigh Ballstáit nua an Aontais a athléimní a bhí siad, agus sháraigh siad na réamh-mheastacháin fáis a rinneadh ina leith i dtosach báire. Ba léiriú é a gcumas chun an stoirm sin a sheasamh agus chun rátaí fáis dearfacha a choinneáil ar threise a ngeilleagar agus ar na tairbhí a bhaineann le lánpháirtiú an Aontais Eorpaigh. Ar a shon go raibh dúshláin nach beag ag roinnt leis an ngéarchéim, thug sí deis freisin do na tíortha sin tairbhe iomlán a bhaint as an dlúthnasc a bhí acu le geilleagar na hEorpa. Ba thástáil é sin freisin ar a thiomanta a bhí na Ballstáit nua do luachanna agus do dhlúthpháirtíocht na hEorpa in aimsir na hanacra.
Le linn phróiseas na caibidlíochta, tháinig sochaí shibhialta na Polainne chun cinn mar fhórsa cumhachtach ar son an athraithe agus an dul chun cinn. Bhí ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, ag gluaiseachtaí na cosmhuintire agus ag grúpaí abhcóideachta maidir le lánpháirtiú an Aontais a chur chun cinn agus maidir le luachanna daonlathacha a chaomhnú sa Pholainn. Bhí a n-iarrachtaí lándícheallacha chun feasacht a mhúscailt, tacaíocht a mhealladh chucu agus ceannairí a thabhairt chun cuntais ríthábhachtach chun tuairimí an phobail a mhúnlú agus athrú dearfach a spreagadh. Trí theagmháil ghníomhach a dhéanamh leis na saoránaigh, trí idirphlé a chothú agus trí thrédhearcacht a chur chun cinn, rinne sochaí shibhialta na Polainne a cion féin lena áirithiú go leanfadh an próiseas caibidlíochta de bheith cuimsitheach, daonlathach agus in ann freastal ar riachtanais na ndaoine. Ní hamháin gur éascaigh a rannchuidiú aontachas na Polainne leis an Aontas ach neartaigh sé bunsraith an daonlathais agus na sochaí sibhialta sa tír freisin.
An cinneadh a rinneadh an tAontas Eorpach a mhéadú in 2004, b'fhianaise é ar thiomanta atá an tAontas don aontacht, don éagsúlacht agus don dlúthpháirtíocht. Trí bheith istigh san Aontas Eorpach a thabhairt d’fhormhór thíortha Lár na hEorpa, mar aon le Málta agus an Chipir, chuir an tAontas lena acmhainneacht eacnamaíoch, lena shaibhreas cultúir agus lena thionchar geopholaitiúil. Le haontachas na dtíortha sin, cuireadh peirspictíochtaí, buanna agus deiseanna nua ar fáil don Aontas, rud a shaibhríonn an éagsúlacht nach beag atá le haithint ann cheana agus a neartaíonn a láithreacht ar an leibhéal domhanda. Ó thaobh na geopholaitíochta de, chuir an méadú le tionchar agus cobhsaíocht an Aontais trí thíortha Lár agus Oirthear na hEorpa a chomhtháthú i gcreat comhair agus comhoibriúcháin an Aontais. Ó thaobh na n-institiúidí de, chuir sé le héagsúlacht dhearcthaí an Aontais agus chuir lena chomhtháthú, rud a leag an bhunchloch síos d’aontas a bheadh ní b’aontaithe agus ní b’athléimní.
Agus súil siar á caitheamh ar an taithí a fuarthas ó mhéadú an Aontais in 2004, tá ceachtanna luachmhara le foghlaim uaidh, go háirithe maidir leis an bpróiseas caibidlíochta agus maidir leis na hullmhúcháin réamhaontachais. Dá gcaithfinn turas den chineál céanna a dhéanamh inniu, chuirfinnse ar son tuilleadh béime a leagan ar choinníollacha réamhaontachais agus ar shásraí tacaíochta i ngach próiseas caibidlíochta feasta, go háirithe i réimsí an rialachais agus an smachta reachta. Is ríthábhachtach a áirithiú go gcomhlíonann na tíortha is iarrthóirí na critéir agus na caighdeáin is gá sula dtéann siad isteach san Aontas i dtreo gur féidir sláine an Aontais a chosaint agus seasamh lena luachanna. Ina theannta sin, is tábhachtach agus is ríthábhachtach tacaíocht agus cúnamh leordhóthanach a chur ar fáil do thíortha is iarrthóirí le linn an phróisis caibidlíochta ionas go n-éireoidh lena lánpháirtiú agus lena gcobhsaíocht fhadtéarmach laistigh den Aontas.
I gcroílár an phróisis caibidlíochta le haghaidh mhéadú an Aontais in 2004, bhí tiomantas comhchoiteann chun cobhsaíocht, daonlathas agus rathúnas a chothú ar fud na hEorpa. An fonn a bhí ann spiorad an chomhair agus na dlúthpháirtíochta i measc náisiúin na hEorpa a neartú, is é a threoraigh an chaibidlíocht, ós rud é gur aithin na tíortha ab iarrthóirí agus Ballstáit an Aontais araon na tairbhí ceachtartha a bhaineann leis an méadú. Cé go raibh an chaibidlíocht féin casta agus dúshlánach, bhí sí bunaithe ar fhís chomhroinnte den Eoraip, Eoraip a bhí aontaithe agus rathúil, áit a bhféadfadh rath a bheith ar na náisiúin uile le chéile faoi chuimsiú an Aontais Eorpaigh.
Fad atá na tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas ag dul i dtreo an aontachais in 2024, tá roinnt saincheisteanna mórthábhachtacha le cur san áireamh. Ar an gcéad rud, tá sé ríthábhachtach tús áite a thabhairt d’athchóirithe atá i gcomhréir le caighdeáin agus luachanna an Aontais i dtreo go n-éireoidh leis an lánpháirtiú agus leis an gcobhsaíocht fhadtéarmach laistigh den Aontas. Áirítear leis sin institiúidí daonlathacha a neartú, an smacht reachta a chur chun cinn, sin agus cearta agus saoirsí bunúsacha a chosaint. Ar an dara rud, tá sé ríthábhachtach dul i dteagmháil go réamhghníomhach le Ballstáit seanbhunaithe an Aontais le muinín agus tacaíocht a chothú má táthar chun aistriú rianúil isteach san Aontas a áirithiú. Trí thiomantas ceart do luachanna Eorpacha agus don chomhar a léiriú, beidh ar chumas na dtíortha is iarrthóirí an bealach a réiteach dá dtodhchaí féin laistigh den Aontas Eorpach, ar todhchaí í a bhfuil gealladh fúithi.
Tá Jarosław Pietras ina Chomhalta ar Cuairt faoi láthair in Ionad Léinn Eorpaigh Wilfried Martens sa Bhruiséil agus ina Ollamh ar Cuairt i gColáiste na hEorpa in Brugge.
Bhí sé ar an bhfoireann a bhí i mbun caibidlíochta maidir le haontachas na Polainne leis an Aontas Eorpach ó 1998, tráth a cuireadh tús leis an gcaibidlíocht, go dtí 2004 nuair a tháinig an Pholainn isteach san Aontas. Ó 1990 go 2006, ina thír dhúchais, eadhon an Pholainn, bhí sé ina Státrúnaí san Aireacht Airgeadais, ina Státrúnaí don Eoraip agus ina Cheann ar Oifig an Choiste um Lánpháirtiú na hEorpa. Ó 2008 go 2020, d’oibrigh sé mar Ard-Stiúrthóir i gComhairle an Aontais Eorpaigh, áit ar cuireadh raon leathan réimsí beartais de chúram air (an t-athrú aeráide, an comhshaol, iompar, teileachumarsáid, fuinneamh, oideachas, cultúr, closamharc, an óige agus spórt). Bhain sé Dochtúireacht san Eacnamaíocht amach in Ollscoil Vársá agus tá roinnt foilseachán scríofa aige faoin Aontas Eorpach, faoin inbhuanaitheacht agus faoi shaincheisteanna trádála. Chomh maith leis sin, bhí sé ina scoláire de chuid Fhondúireacht Fulbright agus ina chomhalta de bhord na meithle machnaimh Bruegel (2008-2011).
Read less